Fadó fadó, tháinig luch amach as a pholl agus ós a chomhair amach chonaic sé león mór mílteach. Theastaigh ón león é a ithe.
“Ná ith mé” arsa an luch. “Lá éigin b’fhéidir go mbeidh mo chabhair de dhíth ort”.
D’fhreagair an león:
“Conas a d’fhéadfá cabhrú liomsa, agus tusa chomh beag sin”?
Sa deireadh scaoil an león leis an luch toisc go raibh sé chomh beag bídeach sin.
Lá amháin, chuala an luch béic uafásach. An león a bhí ann.
Nuair a shroich sé an áit, chonaic sé an león gafa le líon.
“Sabháilfidh mise thú”, arsa an luch.
“Tusa”? arsa al león. “Tá tusa ró-bheag chun rud chomh deacair sin a dhéanamh”.
Thosaigh an luch ag ithe rópa an lín agus sa deireadh scaoil sé saor an león.
Bhíodar beirt mar dhlúth-cháirde ón lá sin amach.
martes, 29 de diciembre de 2009
Suscribirse a:
Enviar comentarios (Atom)
desde Cork (Irlanda) un internauta nos lo regaló en su idioma
ResponderEliminar